Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Friday, 10 November 2017

Téip Dheireanach Krapp

(Foilsíodh an t-alt seo ar an Tuairisceoir cheana)

Tá Téip Dheireanach Krapp, leagan Gaeilge de dhráma clúiteach Beckett ar siúl sa New Theatre i mBarra an Teampaill i mBaile Átha Cliath faoi láthair.
Is é Macdara Ó Fátharta (Tadhg Ros na Rún agus aisteoir de chuid Amharclann na Mainistreach) a ghlacann ról Krapp agus is é atá go maith chuige. An compántas Mouth on Fire le Gabriel Rosenstock atá tar éis seo a réiteach dúinn, aontas atá tar éis scata beag de dhrámaí Beckett a chur ar fáil le tamall de bhlianta. Tá beagán amhrais orm faoin téarma ‘traschruthaithe’ a úsáidtear le cur síos ar an aistriú, cad go díreach is ciall leis sin? Ní léir áfach an imíonn sé mórán ón mbuntéacs.
Lándubhú an chéad rud, ciúnas iomlán agus ansin dalladh soilse ar an slua. Bhí an áit leathfholamh ar an drochuair, mic léinn gan an oiread sin Gaeilge cuid mhór den slua, ach ba chosúil go raibh aithne maith acu ar théacs na greanntraigéide óir is iad a bhí sna tríthí.
Tá an cur i láthair breá físiúil, dubh agus bán sa treis, aghaidh shuimiúil Krapp chráite agus é siar is aniar go tuisleach ag cuartú is ag alpadh bananaí is ag ól go sásta. Is dual do Beckett a bheith dothuigthe, ach ní seo an dráma is measa acu. Níl sé sothuigthe mar sin féin, agus sa doirceacht is éasca imeacht leat ar seachrán mura ndíríonn tú air i gceart!
Pléann an dráma le néaltrú, braitheann tú, caitheamh i ndiaidh na hóige agus athrú dosheachanta an duine le himeacht ama. Ní féidir braith ar an gcuimhne ann ach oiread, is fealltach an rud é, agus déanann Krapp iarracht an stair a cheartú mar a fheictear dó í. Tá rian den mheabhairghalar le braith ar ról Mhacdara leis, Siondróm Diogenes seans, an bailiú, an carnadh, an coinneáil. An bhfuil sé ag bualadh buille in éadan na díchuimhne, nó ag sleamhnú isteach i nduibheagán an dearmaid?
Cathal Quinn a stiúraigh agus tá sé le moladh as greann fisiciúil Mhacdara agus seit íosta, lom an dráma. Bord, téipsheinnteoir ársa, spól i ndiaidh spóil den téip, boscaí anseo is ansiúd. Tá go leor le foghlaim as Téip Dheireanach Krapp in aois seo an idirlín. Céard iad na hathruithe a thagann orainn agus ar an bhféin úd a thaifeadtar, an dtabharfaimid fuath dó amach anseo? An féidir duine a ligean i ndíchuimhne? An gceadóidh Google do dhaoine dearmad a dhéanamh ort? Tríd is tríd dráma cumasach, caolchúiseach, trom is casta é atá curtha inár láthair go snasta, gairimiúil. Téigí ann.

Léirmheas Gasta
Gruama, Dorcha, suimiúil.
Téip Dheireanach Krapp
Samuel Beckett – traschruthaithe ag Gabriel Rosenstock
Meith 9ú – Meith 14ú
@ 7.30pm
Ticéid: €15 (€12)
 
Grianghraif le John Minihan

How Daniel Cassidy invented Etymology (léirmheas)

(Foilsíodh an t-alt seo ar an Tuairisceoir cheana)
Tháinig abhaile an lá cheana gur aimsigh mé leabhar toirtiúil romham. Bronntanas a bhí ann. Cé go raibh trácht cloiste agam air ní fhéadfainn a rá go raibh mé sásta leis mar bhronntanas. How the Irish Invented Slang le Daniel Cassidy a bhí ann. Is éard a chuireann Cassidy roimhe sa leabhar seo ná gur ón nGaeilge a thagann stráicí móra fada de bhéarlagair Béarla Mheiriceá, agus an domhain ar fad da bhrí sin. Dar leis go raibh uisce faoi thalamh ann ag lucht an Bhéarla a chuir an t-eolas seo faoi chois.
Cuirfidh seo iontas ar go leor againn ó ní cheaptar go bhfuil mórán níos mó ná ‘smithereens’ agus ‘banshee’ tugtha don Bhéarla againn. Don té a bhfuil leathspéis aige i sanas focal tiocfaidh amhras air go mear an bhfuil aon bhunús le tuairimí Cassidy. Éinne le smeareolas faoi shanas tuigfidh siad gur gá bheith in amhras i gcónaí faoi scéalta beaga a scaiptear. Ar fáth aisteach éigin tá de nós ag daoine na scéalta beaga aisteacha a chreidiúint ainneoin fianaise a léireodh a mhalairt. Is gá an leabhar áirithe seo a cheistiú ar an iliomad fáthanna.
Is rud is mó a spreag síol an amhrais ionam ná go dtéann Cassidy le mínithe fíor-neamhdhóchúla Gaeilge nuair ba fhusa go mór míniú eile taobh istigh den Bhéarla a aimsiú. Dar leis, is ionann an téarma ‘crusher'(téarma ar phóilín) agus leagan a tháinig ó ‘cuir siar ar‘(sic) Anois nach aisteach go ngreamódh nath Gaeilge gan móran céille do na póilíní agus nach aisteach nach mbeadh aon bhaint ag ‘crusher’ leis an bhfocal Béarla ‘crush’?
Deir Cassidy gur ó ‘S lom é’ a thagann an focal béarla ‘Slum’. Nach aisteach arís an tógáil sin dáiríre? An féidir a shamhlú go n-imeodh sin ó bhéal Gaeilgeora isteach sa chaint? An féidir teacht air mar nath coitianta le cur síos a dheanamh ar shlumaí? Ní féidir. Rud eile de, tugann Cassidy sainmhínithe agus tugann le fios gur ó na foclóirí Gaeilge a thagann siad nuair nach fíor sin in aon chor. Is breá leis fig. a bhualadh anuas ar rudaí, a rá gur chiall bhreise atá ann ach i bhfírinne is a chuid cumadóireachta féin atá ann. (’teas ioma’ – an abundance of heat and passion; figuratively semen) Ní féidir liom teacht ar aon fhoinse a léiríonn ciall bhreise seo ‘teas ioma'(sic). Is dócha nach bhféadfadh Cassidy ach oiread.
Anuas air sin ar fad úsáideann sé pé leagan is maith leis de fhocal ar bith. ‘Joint’ an Bhéarla? Bhuel tá díon sa Ghaeilge, cén t-iolra atá air sin? Díonta, iontach, sin níos cosúla. Téann sé níos faide fós, leagan sé pé fuaimniú anuas ar fhocail. ‘Jeenta’, foirfe!
Is beag focal a d’fhág Gaeilge ar Bhéarla na hÉireann i bhfírinne, conas go rachadh teanga seo na mbocht mar a bhí chomh mór i bhfeidhm ar chaint SAM? Níl aon mhíniú sásúil ag Cassidy air seo. Conas nár tháinig siad seo chun cinn in Éirinn leis, cén fáth gur bheartaigh na Gaeil gan na focail seo a thabhairt dúinne leis? Níl míniú aige air seo ach oiread. Má tá focail aduaine nach n-aithneodh Gaeilgeoir cumasach ar na saolta seo mar bhunús go leor nathanna, cén fáth nach bhfuil focail choitianta Ghaeilge le sonrú ar chaint na bponcán leis? Arís eile níl míniú ag Cassidy bocht air seo.
An cineál cur chuige atá aige ná frása a ghlacadh chuige féin. ‘Daniel Cassidy’ mar shampla, ansin beartaíonn sé gur ón nGaeilge a tháinig sé. Ansin ar aghaidh leis ar bhóthar na cruthaitheachta. Daniel –‘Dath- ‘n-aoil’ lime-faced, white-faced, fig. white supremacist. ‘Cassidy’. Cas-a-dí The turning of her drink, surname of a bartender, mixologist, figuratively mixer, nixer.Mar sin is ionann Daniel Cassidy agus ‘white supremecist cocktail maker? Is ionann, bhuel ina chruinne féin bréag is bithchamastaíola. (mise a chum seo thuas ar eagla aon mhíthuisceana)
Is bocht an scéal é ach tá cuid mhór daoine ag tacú le cumadóireacht Cassidy fós. Nach cuma a deir roinnt, níl ann ach píosa beag spraoi. Dáiríre a mhalairt atá ann, is casta an rud é an teageolaíocht agus nuair a ligtear d’amadáin tabhairt faoi ar a suaimhneas téann an rud ar fad chun doiléire. De bharr thionchar an idirlín is ann do ‘shanais’ seo Cassidy go deo na ndeor, creidfear iontu (roinnt ar a laghad) go brách. Ba chóir dúinn suim a léiriú sna focail a thug na Gaeil don Bhéarla ach gan géilleadh do phleidhce amadáin mar seo a chuireann an fhírinne as a riocht ar fad ar fad.
Ba bhréagadóir cruthanta é Cassidy. Leabhar 300 leathanach atá lán go clúdaigh de bhréagshanais, de sheafóid agus de bhréaga. Níl aon amhras ann ach gur thuig Cassidy go raibh formhór mór na sanas seo bréagach. Is dócha gur lorg sé frásaí i bhfoclóirí Gaeilge a raibh cosúlacht éigin acu le nathanna Béarla agus ansin gcur chuir sé roimhe an nasc a chruthú.
Tá blag den scoth ar fáil anseo a tharraingníonn argóintí Cassidy óna chéile. http://cassidyslangscam.wordpress.com/ Pé duine a scríobh chuir Cassidy siar glan as a mheabhair iad agus tá siad tar éis díoscadh cliniciúil neamhbhalbh a dhéanamh ar scaits éithigh Uí Chasaide. Tá Cassidy imithe ar shlí na fírinne anois, is é mo mhórdhóchas ná go n-imeoidh na bréaga seo leis. Ná ceannaigh an leabhar seo is ná tacaigh le seafóid mar seo.
Níl saineolas agam ar an ábhar seo, díreach spéis. Tá eolas éigin agam ar an teanga agus ar an bhfoghraíocht, rudaí nach raibh ag Cassidy féin áfach. Ghlac an Béarla le liosta éigin focal ón nGaeilge ceart go leor agus tá liosta ar fáil anseo. Focail Ghaeilge sa Bhéarla
Is féidir teagmháil a dhéanamh le húdar an ailt ag @murchadhmor

Dóibh sin ar bheagán Gaeilge
There is no doubt but that Daniel Cassidy knew that most etymologies in this book were false. For example he might take something like ‘Daniel Cassidy’ and decide it comes from Irish. Then he searched the dictionary to find something similar and comes up with; ‘Dath- ‘n-aoil’ lime-faced, white-faced, fig. white supremecist. ‘Cassidy’. Cas-a-dí The turning of her drink, surname of a bartender, mixologist, figuratively mixer, nixer.So Daniel Cassidy means white supremecist, cocktail maker? Well sort of, in his parallel universe of bolloxology at least. (just to be clear I made this up) This book is an utter con-job, do not buy it and do not accept any of its conclusions.

Tá Gaeilgeoirí níos Éireannaí ná an dream gan í. Glac leis.

(Foilsíodh an t-alt seo ar an Tuairisceoir cheana)

Is minic a chuirtear i leith an Ghaeilgeora go measann said go bhfuil siad ‘níos Éireannaí de bharr go labhraíonn siad Gaeilge’. Caithfidh mé a rá nach bhfuilim tar éis teacht ar an tuairim seo rómhinic ag Gaeilgeoirí. An freagra a bhíonn ag mórchuid na nGaeilgeoirí ná nach measann siad sin in aon chor. Nuair a smaoiním féin faoi áfach, is léir dom gur Éireannaí an duine a labhraíonn Gaeilge gan aon amhras. Díreach le bheith soileir nílim ag rá gur fearr bheith níos Éireannaí, díreach go bhfuil níos mó den Éireannachas ag roinnt leo.
Ar dtús céard is Éireannachas ann? An bhfuilimid ag caint ar shaorántacht na tíre? Ó d’fhéadfadh duine pas is saorántacht Éireannach a bheith acu gan aon eolas nó cur amach acu ar aon rud Éireannach nó Gaelach glas bán nó riabhach, caithfidh nach leis sin atáimid ag plé. Mar sin baineann an cheist seo le féiniúlacht is dócha, nó gnéithe de chultúr a thugann le fios go mbaineann duine le cultúr áirithe.
Buaic Chultúr na hÉireann? Anlann Bhaile UÍ Mhaolmhuaidh
Baineann teanga le féiniúlacht is le cultúr. Ní féidir a shéanadh gur dlúthchuid an Ghaeilge de chultúr na hÉireann. Ní thig le lucht an fhéinfhuatha sin a dhiúltiú. Is féidir go bhfuil sin ag athrú le cuid ghearr de stair na tíre ach is ann dó fós. Mar sin má tá tuilleadh den chultúr agat, is é sin go labhraíonn tú Gaeilge, tá tú níos Éireannaí. Dá gcuirfí beirt a bhí díreach mar a chéile i gcomórtas lena chéile ach Béarla a bheith ag duine amháin acu ach Gaeilge anuas air sin a bheith ag an duine eile, nach mbeadh an duine sin níos Éireannaí? Is geall le fíric é.
Samhlaigh an Fhrainc, dá ndéanfaí a chóilíniú is dá dtiontódh mórchuid an phobail ar an mBéarla, is dá mbeadh pócaí de chainteoirí Frainicise ann nach ndéarfaí gur Francaí na daoine céanna? Is cinnte go ndéarfaí. Fiú cúpla céad bliain tar éis don Bhéarla forlámhas a ghlacadh ní dóigh go bhféadfaí a rá nach mbeadh na cainteoirí Fraincise níos Francaí. Cén fáth gur féidir a leithéid a rá in Éirinn?
Blaa Phort Láirge, sainniúlacht arbh fhiú náisiún a bhunú uirthi?
Mar sin conas gur cuireadh an bhréag isteach inár mbéal chomh fada seo is go raibh Éireannaigh sásta leis? Baineann seo leis an teoiric úd, náire an iarchóilíneachais. Is éard atá i gceist leis seo ná an náire a thagann ar an bpobal dúchais tar éis cóilínithe. Nuair a chailltear an rud dúchais(teanga mar shampla) níl de fhreagra ag an dream nach bhfuil sí acu a thuilleadh ach fuath a thabhairt don chultúr céanna agus sodar i ndiaidh na n-uasal. Go mionminic is iad seo is binibí ar fad atá in éadan an chultúir. Má tá suim agat i gcás na dteangacha mionlaithe(níl aon rud mion faoi mhórchuid na dteangacha seo!) aithneoidh tú go dtagann na hargóintí céanna in airde arís is arís eile timpeall na cruinne. Teanga mharbh, teanga na mbocht, gan foclóir ceart, ina bac ar ghnó. Léifidh tú tráchtanna ag lucht fuatha na Breatnaise,agus cloisfidh tú na hargóintí seanchaite céanna ón lucht argóna seanchaite céanna. Arís eile ní daoine ó thír isteach iad seo ach an pobal dúchais ag tabhairt fuatha don rud a bhain leo féin agus ag iarraidh easpa éigin iontu féin a fholú.
Ar ndóigh tá gnéithe eile den chultúr i gceist chomh maith, ceol, spórt, féith ghrinn na hÉireann, fadhb náisiúnta óil. Má tá na gnéithe seo ag duine thar dhuine eile, is féidir a rá go bhfuil an duine sin níos Éireannaí ná an té eile. Ní hé go bhfuil an duine níos fearr nó go bhfuil luach níos mó air sin. Ní féidir luach oibiachtúil a chur ar chultúr thar a chéile. Mórphobal aonteangach na tíre seo tá go leor gnéithe Éireannacha ag baint leo, ach tá níos mó gnéithe idirnáisiúnta nó Angla-Mheiriceánacha ag roinnt leo ná mar atá ag lucht labhartha na Gaeilge. Anois seans nach bhfuil aon fhiúntas le baint as an tuairim seo a chur sa timpeall, cuireann sé fearg ar dhaoine agus díomá ar dhaoine. Ní hionann sin agus a rá nach bhfuil sé fíor. Is buille beag amháin é in aghaidh an scata sin a thugann le fios nach mbaineann an teanga leis an tír seo in aon chor agus a dteastaíonn uaithi í a ruaigeadh amach ar fad ar fad.
Stobhadh Gaelach nó Éireannach, cé acu is cirte?
Déarfaidh daoine gur seafóideach an argóint atá déanta agam anseo, go bhfuil sé ciníoch, ach arís eile ní deirim go bhfuil luach níos airde ar chultúr amháin ná a chéile, ach mar sin féin go bhfuil difríochtaí ann. Tá go leor argóintí eile fíor leis, is Éireannaí daoine a sheineann an ceol gaelach nó a théann don spórt gaelach. Fágann ábhar an lae inniu ceist amháin eile agam an bhfuil na Gaeil éagsúil ó na hÉireannaigh nó an cheist í sin a bhíonn ag dó na geirbe ag aonteangaigh na tíre?
Is féidir easaontú go láidir le scríbhneoir an ailt @murchadhmor

Be Infants in Evil (Léirmheas ar dhráma Béarla)

(Foilsíodh an t-alt seo ar an Tuairisceoir cheana)
Sleamhnaíonn an dráma seo isteach sa tsrón ón gcéad uair a siúlann tú isteach san amharclann. Tiús i sacraistí séipéil agus sagart óg ar a ghlúine lena phaidrín. An tAthair Patrick atá ann, sagart atá ag tosú amach i bparóiste nua i mBÁC. Tá an fhaoistin curtha ar ceal inniu aige. Ainneoin sin seo chugainn Noleen, baintreach dhall a bhfuil léargas ar leith aici agus ar aghaidh lena faoistin. Ansin Jacinta atá tite i ngrá le fear Muslamach agus atá ag iarraidh teitheadh as an eaglais agus an tír le bheith leis. Tagann cuairteoir eile gan choinne ansin agus cuirtear domhan an tsagairt bun os cionn ar fad.
An rud is fearr faoin dráma seo ná an feitheamh tomhaiste. Tosaítear agus rud éigin folaithe, tugtar aitheantas dó ach níltear cinnte faoi. Tugtar blúirí beaga dúinn anseo is ansiúd agus déantar sin a mhealladh chun breathnú níos géire ar chúrsaí. Fanann smál éigin gan ainm ar an dráma ó thús. Agus cara Patrick ann tá ceist bhreise ann leis, cén caidreamh atá acu le chéile, agus coinnítear sinn ar fad ag gliúcaíocht go géar ar a gcaidreamh le hoibriú amach cén cineál é. Ceann cairdis, clainne nó cumainn?
Tá cuid mhaith den dialóg cliste, greannmhar ach cuid eile ró-ardintleachtúil(mar is nós le drámadóirí deisbhéalacha go minic) agus is cosúil go bhfuil a sheal féin ardéirime ag gach carachtar sa dráma, rud nach bhfuil inchreidte. Caitear gach aon téama agus conspóid anuas ar a chéile agus téann sé chun seafóide ar fad cúpla babhta i dtreo an deiridh. Ginmhilleadh? Cinnte. Leathar, glacaireacht, agus muslamachas? Ar ndóigh! Chomh maith leis seo titeann gach aon rud amach díreach ag an am céanna agus tagann gach aon chuid de le chéile go róghleoite agus is deacair creidiúint ann, go fiú má chuireann tú an-bhrú ort féin!
Tá go leor rudaí breátha ann os a choinne sin. Tugann an sagart caint fhada uaidh ar thábhacht agus ar iontas na beatha, ag rá nach bhfuil ach cuidín bídeach bídeach den chruinne atá in ann an bheatha a chur ar fáil agus gan é sin a dhéanamh ach ar feadh soicinde. Is ansin amháin atá grá in ann bláthú, deir sé. ‘The only time there can ever be love is when there’s life, and that’s now. Is cumhachtach an chaint í. Thabharfadh an chaint seo aitheasc an Íosánaigh faoin tsíoraíocht san ifreann i A Portrait of the Artist as a Young Man Joyce i gcuimhne duit ach is caint dhearfach í seo. An rud is annamh is iontach. Carachtar sagairt ar féidir ionnanú leis agus a bhfuil ba agus trua agat dó amhail Súil le Breith, ach go dtagann athrú ar chúrsaí ag druidim le deireadh.
Is é Brian Martin, Bleá Cliathach a bhfuil cónaí air i Londain anois, a scríobh agus tá go leor rudaí le moladh faoi. Ar an bhfaraor géar ní bhraithim go dtagann se le chéile go foirfe agus nílim iomlán socair le teachtaireacht an dráma féin. Níl fhios ag an dráma féin go baileach a bhfuil uaidh, greann nó dáiríreacht. Tá compás morálta an dráma seo beagán as compás, leis, measaim. Pléann sé le péideafíleacht nó péidearastacht agus cuireann sé an cheist orainn an feidir grá a bheith i gceist i gcásanna mar sin. Tugann sé le fios, bhraitheas féin, nach bhfuil aon rud as alt le caidreamh collaí idir sagart fásta agus buachaill óg. An bhfuil leithéid de chaidreamh inghlactha? Ar an drochuair ní chuirtear an cheist i mbealach rómhaith mar sin gach seans go seachnófar ar fad í. Bainfidh sé stangadh asat mar sin féin. Is dráma spéisiúil é mar sin féin agus mar a deirim go minic is fearr drochdhráma ná scannán maith!
 (bunaithe ar leagan in Amharclann an Draoi/Mick Lally mar atá anois air ag Féile Ealaíona na Gaillimhe)

Trí Scéal: Páirtnéir, Eoinín, agus Bás Artó Leary

Foilsíodh an t-alt seo ar an tuairisceoir cheana

SCANNÁN : Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge rinneadh an chéad léiriú de thrí scannán Ghaeilge i bPictiúrlann an Lighthouse Déardaoin seo caite; Trí Scéalta(sic). An rud is annamh is iontach, mar sin ghlacas go fonnmhar leis an deis dul chuig an bpictiúrlann le scannáin Ghaeilge a fheiceáil. D’éirigh liom ticéid a bhuachan ó Raidió Rí-Rá dul ann, mar sin is mé a bhí go sásta!
Tá an t-ionad féin go ríghleoite, ba leor ailtireacht na háite le turas ann a spreagadh. I Margadh na Feirme atá an phictiúrlann lonnaithe, agus má tá cuid de bheocht an mhargaidh chéanna imithe le teacht rialacha dochta maidir le capaill, tá an bheocht sin le braith faoi thalamh istigh san fhoirgneamh.
Tá an áit leagtha amach i mbealach nuálach, adhmad geal, staighrí fairsinge agus beár galánta. Is gaire go mór an áit d’amharclann cheannródaíoch ná gnáth-scannánlann. Fáilte roimh Ghaeilge ag an bhfreastalaí ann, leis. Chuir an triúr stiúrthóir na scannáin in iúl ag an tús, go dátheangach.
 574816_410997772323691_1233047634_n
Páirtnéir
Scéal faoi chomhlachtaí ríomhaireachta a bhí i gceist le Páirtnéir. Rianaíonn sé scéal an phríomhcharachtair atá ag dul i ngleic le fadhbanna airgeadais, an galar dubh, agus timpiste thragóideach. Tá an príomhaisteoir cumasach go maith ach tá rud éigin as alt leis an gcur i láthair. Éiríonn go maith leis paranóia bhuile a chur inár láthair. Tá fadhbanna réadúlachta ag an scannán seo dar liom agus cé go raibh aisteoireacht mhaith ann tríd is tríd, níor éirigh liom creidiúint ann go hiomlán. Tá creat an scéil go cliste is casann sé cor nó dhó ach ar deireadh thiar ní raibh mórán níos mó ann ná sin.

Eoinín
Eoinín an dara scannán agus ó thús thuigeamar go raibh rud éigin speisialta i ndán dúinn, Eoinín ag breathnú na n-éan is na n-eitleán ina ghairdín. Buachaillín beag ciúin é Eoinín agus cé go raibh sé beagán gan bheocht mar aisteoir é féin ag tús, cabhraíonn a mháthair agus a athair go mór le mothúcháin inchreidte a chur inár láthair. Mionsonraí cliste a dhéanann idirdhealú idir seo agus na scannáin eile measaim. Tá íogaireacht agus tuiscint ann, chomh maith le léiriú agus go deimhin féin máistreacht áirithe ar an rud físiúil. Tugtar cúpla féirín físiúil dúinn ann, pléaráca dhathanna na n-eitilití ar an bhfuinneog, bogha báistí an pháiste uaignigh. Ba bheag súil sa phictiúrlann nach raibh deor léi ag druidim chun deiridh. Rinneadh sár-scéal an Phiarsaigh Eoghainín na nÉan a fhí go cliste le scéal truamhéalach an stócaigh óig seo. Ba é Eoinin an scannán ba mhó a thaitin liom féin astu triúr, tuairim choitianta ar an oíche bhraitheas.

Bás Artó Leary
Rinneadh athleagan den tseoid úd de litríocht na Gaeilge Caoineadh Airt Uí Laoghaire sa scannán seo. Cuirtear Artó an leagain seo os ár gcomhair ar nós Brad Pitt de chuid Guy Ritchie, tincéir a bhfuil láir bhán aige, each caol ceannann faoi. Scéal comhaimseartha ar nós a leathbhádóra Snatch é nach bhfuil ach rian nó dhó aige den bhunleagan le sonrú ann.
Cé go raibh an-Ghaeilge ag na haisteoirí bhí a gcuid canúintí iomlán bunoscionn le cúlra na gcarachtar, ba léir gur daoine deasa meánaicmeacha iad Artó agus a bhean ach bhíodar ag cur fúthu i gceantar fíor-gharbh agus capall acu. Bhain seo ó réadúlacht an scannáin, cé go raibh aiteas sa scannán, aiteas dá chuid féin a bhí ann is ba mhó go mór go bhféadfaí creidiúint ann murach sin. Lean an scannán Artó agus a chuid eachtraí le Morris an drongadóir drugaí, scannán a rop leis ó thús go deireadh; coiriúlacht, leathar, púdar máirseála na Colóime. Bhain an slua an-taitneamh as an scannán seo.
Ar an iomlán bhí iontas orm a laghad dóchas a bhí sna scannáin seo. Ba bhreá an rud scannán nár bhain leis an mbás nó an galar dubh a fheiceáil! Is faoin Scéim Síol Scannán ag TG4 a cuireadh maoiniú ar fáil dóibh seo. Is dócha go mbeidh siad ar taispeáint ar an teilifís amach anseo, agus thart ar 30 nóiméad ar fhad atá siad, mholfainn breathnú orthu, an dá cheann dheireanacha ach go háirithe. Chuaigh brabús na hoíche go The Capuchin Day Centre.

Stailc na nDochtúirí ar na Bacáin Fós?

Foilsíodh an t-alt seo ar an tuairisceoir cheana

Beartaíodh go mbeadh stailc ar siúl ag dochtúirí sóisearacha in ospidéil na tíre ar siúl inné ach fógraíodh Dé hAoine go gcuirfí ar athló é go Céadaoin na seachtaine seo chugainn. Cad chuige an stailc seo agus an bhfuil seans ann go rachaidh sé ar aghaidh anois?
Éiríonn an stailc seo as uaireanta cloig oibre na ndochtúirí go príomha, sealanna oibre suas le 48 uair gan stad agus uaireanta seachtainiúla a sháraíonn an Treoir Eorpach Maidir le hAm Oibre(TEAO) a deir gur ceart atá ann nach mbeadh ar éinne breis is 48 uair an chloig oibre a dhéanamh sa tseachtain.
Ainm an fheachtais ag an IMO ná ’24 No More’ is é sin le rá ná nach mbeadh ar dhochtúirí níos mó ná 24 uair an chloig oibre a dhéanamh as a chéile. Ní hannamh 30 uair a chloig oibre a dhéanamh in ospidéal gan ach 2 nó 3 uair a chloig codlata is is iomaí scéal uafáis sa timpeall faoi dhaoine a cuireadh orthu 3 no 4 lá oibre a dhéanamh gan mórán níos mó ná cúpla uair an chloig codlata anseo is ansiúd. Is annamh an rud é go mbeadh stailc ar bun ag dochtúirí ach mar gheall ar na cúinsí seo tá sciar áirithe den phobal agus go deimhin féin ceardchumainn na mbanaltraí is na mban cabhrach ag tacú le haighneas seo na lianna.
Cuireadh an stailc ar athló Dé hAoine de bharr go gcuirfí ‘sábháilteacht othar’ i mbaol dar leis an IMO. Anois, más rud é gur sábháilteacht othar an t-aon sprioc leis níor chóir stailc a phleanáil riamh. Bheadh othar thíos leis an stailc seo go cinnte, is bíonn othair thíos leis gach lá de bharr an chórais atá againn faoi láthair. Níl aon amhras ann, áfach, dá n-éireodh leis an stailc deireadh a chur leis na sealanna fada oibre seo, go mbeadh othair níos fearr as go fadtéarmach. Seans nach bhfuil de mhisneach ag an IMO an cheist seo a bhrú go ceann cúrsa áfach.
Bhíothas ag súil go gcuirfí plean os comhair na ndochtúir Dé Luain feiscint an leanfaí leis an stailc. Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte(FSS) tar éis aontú go gcuirfidh siad amchlár ar fáil ina mbeadh an TEAO i bhfeidhm ag tosú i mí Eanáir na bliana seo chugainn. Is cosúil go bhfuil an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe tar éis tacú leis an margadh trí rá go gcuirfidh siad pé acmhainní a mbeadh gá leo ar fáil. Cuimsíonn an socrú atá idir lámha go ndéanfaí measúnú neamhspleách ar rótaí oibre na ndochtúirí sna hotharlanna éagsúla. Ainneoin seo ar fad is iomaí uair cheana a dúradh go raibh ospidéil ar leith ag teacht leis an treoir oibre seo is nach raibh aon bhunús leis an maíomh céanna.
Tá grúpa oibre curtha ar bun, leis, le breathnú ar cheist phá na ndochtúirí comhairleacha, mar go ndéanfar, faoi shocrú úr Bhóthar Haddington, a laghdú de €30,000. I roinnt cásanna beidh dochtúirí atá ag an leibhéal is airde faoi na dochtúiri comhairleacha seo ag glacadh le ciorrú pá agus iad ag dul isteach sa ról úr dóibh.
Tá an IMO tar éis a rá go léiríonn na scéalta is déanaí ón FSS go bhfuil siad dáiríre faoi cheist na sealanna oibre, ach caithfear breathnú ar ar tharla cheana dar liom, tuarascáil sa mhullach ar thuarascáil eile is gan aon toradh fónta ag éirí astu riamh. Ba dhuine mór dóchais an té a bheadh ag súil go mbainfí mianta an IMO ámach an babhta seo.
Sa teachtaireacht is déanaí ó Eric Young, stiúrthóir cúnta an IMO, táthar tar éis a rá go bhfuil tuilleadh eolais uathu ón FSS ar roinnt ceisteanna a bhaineann le; dearbhú na rótaí oibre, cur i bhfeidhm praiticiúil na moltaí, píonóis a ghearrfaí mura gcuirfear na moltaí i bhfeidhm agus na daoine a bheidh freagrach as cinntiú go ndéantar a gcur i bhfeidhm. Anuas air sin tá coiste na ndochtúirí neamh-chomhairleacha ospidéil le casadh lena chéile inniu Déardaoin le freaga an FSS a phle. Dúradh chomh maith go bhfuil an stailc ar athló ach go mbfhéidir go rachfar ar aghaidh leis mar Dé Chéadaoin seo chugainn, mar sin féin
An mbeartóidh an IMO nach bhfuil mórán eile le baint as an bpróiseas is an stailc a chur ar ceal ar fad nó an leanfaidh siad orthu leis an stailc mar gurb é an t-aon bhealach le haird an FSS a tharraing ar cheist a bhfuiltear á seachaint le 20 bliain anuas? Beidh le feiceáil.
Gluais
Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte(FSS) = HSE
Ceardchumann Dochtúirí Éireann = Irish Medical Organisation(IMO)
An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe = The Department of Public Expenditure and Reform
An Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais = Labour Relations Commission
Dochtúirí Neamh-Chomhairleacha Ospidéil = NCHDs
Treoir Eorpach maidir le hAm Oibre = European working time directive(EWTD)

Ba chóir an tSínis a fhoghlaim ar scoil in Éirinn in áit na Gaeilge

(Foilsíodh an t-alt seo ar an tuairisceoir cheana)

Tá an ráiteas thuas conspóideach go maith ach creidim gur chóir an cheist seo a chíoradh níos mó ná mar a rinneadh cheana. Tá trian de fhostóirí na tíre seo ag iarraidh go bhfoghlaimeodh mic léinn an tSínis ar scoil. Anuas air sin deirtear go bhfuil easpa i scileanna teanga ag cur as do thrádáil leis an tSín, dar le taighde a cuireadh i gcrích le déanaí.
Labhraítear an Mhandairínis ar mhórthír na Síne, sa Téaváin, i Singeapór agus is beagán de mhuintir na Síne a bhfuil Béarla maith acu. Tá Institiúidí Confúicias á mbunú i ngach cearn den chruinne. Déanann Éire thart faoi 3 bhilliún a easportáil chun na Síne chuile bhliain agus í an tSín an céile trádála is mó atá againn san Áis. D’fhéadfaí sin a mhéadú, agus ag an tráth seo in Éirinn ba mhór an gar sin.
Samhlaigh é, thosóimis ag múineadh na Sínise do pháistí ag aois óg, an script a mhúineadh i mbealach nádúrtha spraoiúil. Tá inchinní na bpáistí mar a bheadh spúinsí eolais ann is iad faoi bhun chúig bliana. Tá go leor daoine in Éirinn le Sínis mar atá. Is dóigh liom féin gur chuma faoi cháilíochtaí, ba chóir díriú ar dhaoine a bhfuil na scileanna teanga féin acu agus splanc chun múinteoireachta, gan an iomad airde a bheith againn ar cháilíochtaí.
Nach deas an smaoineamh é? Fáil réidh le cloch mhuilinn na Gaeilge agus sinn féin a theilgeadh isteach is re úr rachmais a spreagadh áit a mbeadh an tír ar ais ar a seanléim is déagóirí ó Dhomhnach Bat ag díol earraí le muintir Nanjing, is muintir as an Muileann gCearr ag reic le slua as Hangzhou.
Ní mar a shíltear a bhítear, áfach. Bheartaíos beagán taighde a dhéanamh mar gheall ar an gceist seo ar fad, agus feiscint an raibh aon fhírinne taobh thiar de bhéal bán lucht gnó. An argóint thuas is argóint í a chloisfeá ó shlua sách líonmhar in Éirinn, ach leis an bhfírinne a dhéanamh níl ansin ach cuid bhídeach den scéal.
Tá tuairimí spéisiúla ag muintir na hÉireann ar an gceist seo. Ar phobalbhreith ar an journal.ie d’fhreagair 59% gur chóir go mbeadh an tSínis roghnach ar an meánscoil. Dúirt 6% gur chóir go mbeadh an tSínis éigeantach ar an meánleibhéal agus mheas 20% gur chóir go múinfí í ar na bunscoileanna.
Bhí suirbhé eile ar an suíomh céanna ina raibh 50% ag rá gur chóir go mbeadh sí ar fáil i ngach scoil, 29% ag rá gur chóir go mbeadh sí díreach ar fáil ach nach raibh tábhacht rómhór ag baint léi is dúirt 20% nár chóir go mbeadh sí ar fáil in aon chor. (Is gá cuimhneamh gur daoine óga, oilte ar ríomhairí is nuatheicneolaíocht is mó a bhíonn ar an suíomh, ar nós do leithéidse!)
Tá an tSínis ar fáil i 13% de scoileanna sa Bhreatain ach níl an tSínis mar ábhar ardteiste in Éirinn fós. Tá scoileanna áirithe abhus ag déanamh staidéir uirthi mar sin féin. Is ait an rud seo mar gur teanga mhór atá sa Mhandairínis. Sa Bhreatain bíonn 3,200 ag déanamh na Sínise ag leibhéal na nA-leibhéal chuile bhliain. Dá dtarlódh go ndéanfadh céatadán mar sin staidéar uirthi in Éirinn is fíorbheagán a bheadh ann. Daoine de shliocht na Síne an mhórchuid acu.
Creidim féin nach mbeadh spéis rómhór ag gnáthmhuintir na hÉireann staidéar a dhéanamh ar an ábhar, is féidir go bhfuil meath mo bharúla orm gan amhras. Ceist eile ná cá háit a bhfaighfí na múinteoirí? Ainneoin mo chuid tuairimí faoin múinteoireacht thuas ní dóigh liom go mbeadh an stát sásta ach dream cáilithe a fhostú, agus dris chosáin a bheadh ansin.
Teanga thónach atá sa tSínis, a bhfuil roinnt scripteanna éagsúla aici agus a bhfuil an iliomad canúintí agus go deimhin féin teangacha éagsúla meascaithe ann. Níor leor an caighdeán oifigiúil a fhoghlaim le feidhmiú ó thaobh an ghnó de. Do thír a bhfuil fadhb dhamanta againn teanga amháin a fhoghlaim, teanga a bhfuilimid ar maos inti ar go leor bealaí, ní chreidim go bhfeadfaí greim a fháil ar theanga níos faide uainn arís. Má tá deachrachtaí ag daoine Gaeilge a fhoghlaim níl fáth ar bith nach mbeadh na fadhbanna céanna, nó fadhbanna i bhfad níos casta fós agus iad i mbun na Sínise. Teipeann go dona ar an gcóras oideachais daoine a oiliúint i labhairt na Gaeilge, creidim gur teip i bhfad ní ba mhó a bheadh in iarracht an tSínis a shealbhú.
Béarla teanga an ghnó go hidirnáisiúnta sa lá atá inniu ann, más olc maith le daoine é. Más ag dul don ghnó atá tú, Béarla a theastaíonn. An dream úd a deir gur chóir dúinn Gearmáinis a fhoghlaim chun go n-éireodh linn sa ghnó is léir bunmhíthuiscint s’acu ar chúrsaí teanga. Feidhmíonn go leor mórchomhlachtaí as Béarla sa Ghearmáin féin, agus d’éinne a thaisteal fiú ar feadh roinnt ama thall is léir gur deacair líofacht sa Bhéarla a sheachaint. Níl an Béarla rófhorleathan sa tSín ach tá ina measc siúd atá ag dul don ghnó. Is gcás na Síne tá an chuid is mó den ghnó ag titim amach i gcathracha, leithéidí Hong Cong is Shang-hai áiteanna a bhfuil an Chantainis mar an teanga is mó a labhraítear. Arbh fhéidir í sin a fhoghlaim chomh maith?
Más ar thóir an ghnó atá daoine shamhlóinn luach i bhfad níos mó a bheith ar scileanna ríomhaireachta i ndomhan a bhfuilimid ag druidim le monaplacht teanga an Bhéarla cheana féin. Ní duine mé a bheadh i gcoinne aon teanga a fhoghlaim, ach os rud é gur chun gnó a mholtar a foghlaim, is gá dom ceistiú bhfuil fírinne leis. Rinne mé cúpla lagiarracht script is focail na Sínise a fhoghlaim agus táim cinnte go ndéanfaidh mé arís. Tá a luach féin ag gach teanga, agus luach le gníomh féin na foghlamtha, ach measaim gur ‘tuairim chliste an lae’ atá ann a bheith i bhfách le Sínis a bheith mar chroíchuid den scolaíocht in Éirinn. Baineann cuid de sin le drochmheas ar ár gcultúr dúchais.
Tá gealladh abhalmhór faoin mBéarla mar theanga shóisialta roghnaithe na n-Eorpach tríd is tríd, is ní chreidim go mbeidh cur ina aghaidh sin is ollchultúr Mheiriceá ó thaobh na teanga ar deireadh thiar. Is dócha go mbeadh buntáiste bheag ann ó thaobh an ghnó de, ach arbh fhiú an tairbhe an trioblóid? Ba chóir breathnú ar mbealach go dteipeann orainn teangacha a shealbhú roimhe sin.
Mar fhocal scoir, is dóigh liom gur chóir go mbeadh an tSínis ar fáil mar ábhar ardteiste roghnach, is ba bhreá liom féin tuilleadh a fhoghlaim ná an cúpla focal atá agam, ach ní dóigh liom go bhfuil bunús ciallmhar le hí a fhoghlaim go héigeantach mar bhuntáiste gnó. Rud eile de, ní mé an iarracht eile fós baint ó stádas phríomhtheanga oifigiúil na tíre sa chóras oideachais.