Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Sunday, 8 November 2015

The Dirty Dust, Titley, Cré na Cille, Máirtín Ó Cadhain

(ag iarraidh fabhtanna a aimsiú anseo a bhíos.)

Bhain mé an-sult as an tiontú seo a léamh. An cheist is mó a bhí ag dó na geirbe agam ná an mbainfeadh an Cadhnach úsáid as an mBéarla seo é féin? Is féidir a bheith nach mór cinnte nach mbainfeadh. Tá léite agam go raibh rian na Victeoiriach ar Bhéarla a Chadhnaigh. Ceist eile a bhí ag déanamh tinnis dom, ná smaoineamh dá dtógfaí ar na saolta seo é agus Béarla ina chloigeann an mar seo a scríobhfadh sé é? Is féidir gur mar seo a bheadh, ach measaim go mbeadh i bhfad níos mó Béarlagair agus caint ríbhlasta thíríuil na tuaithe ann. Dúradh faoi Cré na Cille go raibh móran chuile fhocal ó Bhearna go Carna ann agus taoscadh na farraige a bheadh ann móran chuile fhocal ó Bhanglaidéis go California a chur sa tiontú gan amhras.

Tá tionchar Bhéarla Mheiriceá ar aistriúchan seo Titley le 'hillbilllies' ar 'lucht an tsléibhe' in áit' the mountain folk' nó 'mountainy people'. Tá Béarla reatha dhomhan an Bhéarla trí chéile ann 'happy out' agus mar sin de. Ar 'gailimaisíocht' tá 'bullshit' ag an Titlíoch, nílim cinnte an bhfuil seo dílis ar fad agus is dána an té a chuirfeadh roimhe 'an raicleach' a athrú ina 'the cunt'. Seans gur sin is túisce a rithfeadh leat sa la atá inniu ann ach seans go bhfuil sé rud beag thar cailc anseo.

Tá 'sipping and supping' aige ar 'ag diúgaireacht' is éasca seo a cháineadh mar rud beag Titliúil a bheith sáite isteach, féirín nach raibh gá leis ach is féidir, fós, gur bhraith sé gur theip air ceol na bunteanga a thabhairt leis áit éigin eile is go raibh air an comhar a chúiteamh anseo.

Athraítear 'mo ghrá é Hitler' ina 'Hitler's my darling' ní oireann sé seo dar liom, 'I love Hitler' no, 'Good man Hitler' a bheadh agam air.
 
Ansin 'pruchóigín' go 'kip' arís eile rian an Bhéarlagair, ach le 'pruchóigín brocach' tá 'crap' aige, ní fheicim go bhfuil seo níos oirúnaí ná 'filthy' nó mar sin.

Maidir le 'Caitríona Paudeen' ceapaim gur peaca marfach an 'Paudeen' seo, aisteach go leor mar go ndeir Totley sa réamhrá nár theastaigh uaidh cuma na mbochtán a chur orthu. Níl i ngalldú ainmneacha dá leithéid dar liom ach seafóid atá imithe ó mhaith agus as dáta ar fad. Bíonn na hainmneacha pearsanta lán-Ghaelach nó lán-Ghalldaithe.

'mise a chuir na hordógaí ort' athraithe ina 'I closed your eyes.' Measaim go gcailleann seo an gníomh fisiciúil a bhaineann le súile duine a dhúnadh, is féidir a rá go raibh a leithéid de phost i bhfad níos normálta i sochaí an lae úd agus go raibh Titley ag iarraidh go mbeadh an éifeacht chéanna aige seo don léitheoir reatha is don dream úd a cuireadh ina leith an leabhar a léamh os ard timpeall na tine. Mar sin féin measaim gur leimhe go mór an rud a chuireann Titley ina áit.

Beidh sé suimiúil feiscint cén cruth a bheidh ar iarrachtaí Mhic an Iomaire agus Robinson. Spéisiúil go maith tá ráite ag CIC go bhfuil súil acu an leabhar a bheith aistrithe go 20 teanga eile in imeacht roinnt ama eile.





Friday, 9 October 2015

Trí rud (Fíorscéal)

Tháinig Paddy K orm gan choinne
feadh na canálach
is mé ag meabhrú
ar dhán eipiciúil
mé ag fálróid abhaile déanach
Tá sé reoite ann
Paddy K cré-umha
ach sa doircheacht bhain sé léimín beag bídeach asam
cheapas gur duine a bhí romham
ní raibh ann ach file
dealbh
Chuaigh leis an gcanáil a thrasnú
gur tháinig bean fé mo dhéin
ón mbruach thall
ainneoin na doircheachta
lasadh a balcaisí oíche
faoi ghealra
ligeas di an loc a thrasnú
bheith béasach, laidhc
Ise: Looking for business?
Nach fileata
Nach gonta
Mise: No, thanks.
Ise: Just polite, then.
Mise: Ya, Good night.
D’fhan Paddy K ina thost
Bhí sé beagfhoclach riamh
Ach bhí tugtha aige dom
dá dheargainneoin féin
trí rud;

Siren. Imram. Is teacht slán.

Haikuanna

I
Ruaigeann file cat
Meamhlach sa bhánfhuacht luath
Siúd luchóg! Seanfhocal.
II
Gluaiseann glaise ghlas
Ón sliabh ard go farraige síos
Líonfar na sléibhte arís
III

Faiche lomtha thall
Rás caisearbhán, fás aon lae,
Is scaiptear síolta

2016 (ina dtagann Pearse ar ais chuig Éire na linne seo)

Tháinig Pearse ar ais inné,
ar an Dart is é ag teacht ó Bhré,
thuirling ansin i lár na cathrach
is d’iarr de dhaoine go briste stadach
cá raibh sé go díreach, cén tír í seo?
is d’fhreagair i mBéarlagair iad ar fad d’aon ghuth
go raibh a éide iontach
go raibh a raidhfil gan lucht
glacfaimid selfie, snapchat is beidh tú Facebooked
agus sháigh chuige selfie sticks
gur ghlacadar, na pricks, pix
Ar ndóigh Éire atá ann, an bhfuil cúpla euro uait?
As an bpic a ghlacadh, tá sé tuillte agat.
Níl ná é, ach abairse liom
Cén bhliain atá ann? Seo Polacht na hÉireann?
Gháir siad is chroith lámh leis is mhol go hard é
ach bhíodar ar fad bailithe leo roimh dheireadh an lae
cheistigh sé is cheistigh ach freagra ní bhfuair
gur bhuail sé faoi ar an gcoincréit fhuar
is caitheadh cúpla cent lena thaobh
is páipeár nuachta is thosaigh á léamh
The Irish Times 2016
100 bliain tar éis gur éag
Léigh sé is léigh sé go raibh a shúile greamaitheach glaeúil gliúláilte.
Ní fada gur tháinig tuiscint dó.
Éire mo chlann féin
2 for the price of one
a dhíol a máthair
€2 for a hostel?
Mór mo ghlóir
Will ya ever fuck off One Direction are like my life.
Na dathanna, na fuaimeanna, na cairteanna mótair
Sluaite ag léimneach, ag liúrigh ag trasnú an bhóthair
Is boladh géarmhilischorr aisteach sa tsráid.
Is léimeann Pearse in airde
é tagtha chuige féin
is d’aon mhórléimt amháin
caitheann féin faoi aercoach.
Smaoineamh fáin ar foluain ina intinn istigh

Seans gurbh fhearr 2116 féin.

Sunday, 27 September 2015

Croithigí Daoibh an Deannach le hAnis Mojgani athleagan Shake the Dust

Croithigí Daoibh an Deannach
le hAnis Mojgani

An ceann seo díreach, seo ceann do na cailíní ramhra
seo ceann do na deartháireacha óga,
seo do mheatacháin an chlóis scoile
is do mhaistíní na hóige a chráigh iad
d'iarbhanríon an debs, agus do lucht cispheile na gciseán
is do lucht ite cereals oíche is don seandream fáilteoirí doras tosaigh Aldi a oibreoidh choíche
croithigí daoibh an deannach

seo do na binsí agus do na daoine in airde orthu
do na tiománaithe bus a thiomáineann thar mhilliún iomainn bhriste
do na fir a chromann ar thrí phost díreach le go seasfaidh a bpaistí
do na scoláirí oíche agus rothaithe an mheán-oíche a thugann faoi eililt
croithigí daoibh an deannach

Seo dóibh siúd atá dhá bhliain d'aois is nach dtuigtear mar go labhraíonn siad idir Ghaeilge agus bhriathar Dé
croithigí daoibh an deannach

seo do bhuachaillí na ndeirfiúracha fíor fíorálainn
croithigí daoibh an deannach

do chailíní na ndeartháireacha atá ag dul le ceangal
do dhaoine cúthaileacha an chúinne sa rang corpoideachais agus iad siúd deich mbliana d'aois a bhfuil scáth orthu roimh cheathanna poiblí
do ghasúr síordhéanach an ranga mar go ndearmadaíonn sé cód a chealtáin
don chailín sin ar grá léi duine eile
croithigí daoibh an deannach

seo do na fir chrua a shantaíonn grá ach a thuigeann nach dtiocfaidh
dóibh sin a ndéantar dearmad orthu, an dream nach seasann leasuithe an fód dóibh
dóibh siúd a ndeirtear leo labhairt díreach nuair a labhraítear leo, is ansin ní labhraíonn éinne leo riamh. Labhair gach uile uair a seasann tú, le nach ndearmadóir tú féin.
Ná lig do nóiméad sleamhnú thart nach gcuireann i gcuimhne duit go mbuaileann do chroíse 100,000 uair sa lá agus go bhfuil do dhóthain galún fola ionat le haigéan a dhéanamh asat.

Ná bí socair go socródh na tuillte seo is go mbaileodh an deannach seo i do chuid féitheacha
Seo don phéidifilach aontumha a choinníonn air ag streachailt
Seo do na múinteoirí filíochta agus na daoine a théann ar saoire leo féin
Do na braonta allais ó liopaí Mick Jagger lasta agus don sciorta ar chromáin chasta Tina Turner ghasta, do na flaithis bheaga is chráite a bhfuil Tina tar éis taisteal tríothu
Seo do dhream na tuirse, lucht céapars, teaghlaigh na mbeidh riamh mar a bhí i nGlenrow, le dinnéaracha dea-dhéanta agus tuistí amhail Biddy is Miley.

Seo do lucht an bhiogóideachais
lucht an ghnéasachais
seo do na marfóirí
Seo do chait theach mór an phríosúin ag iompú ina slánaitheoirí agus don chaoi a dtagann earrach i ndiaidh an uile gheimhreadh
Duitse é seo.
Duitse é seo.

Déan cinnte go bhfuil tú bailithe leat faoin am a bhfilleann an t-iascaire
Mar, díreach ar nós an ghobadáin, freastalaím an dá thrá, agus chuile uair a scríobhaim, chuile uair a osclaím mo shúile duit gearraim uaim píosaí díom féin díreach le bronnadh ort.
Croith díot an deannach mar sin agus tabhair liom tú nuair a dhéanann, mar níor domsa riamh é seo.
An uile rud siar is aniar, soir is anoir, soir duitse é
Mar sin beir greim ar an gcruinne seo as a phionnaí éadaigh agus croith amach é arís is arís eile is léim ar barr, agus tóg ar spionn é agus nuair a léimeann tú de arís croith arís é mar is leatsa seo.

Déan cinnte gur fiú mo chuid focal, cinntigh nach díreach dán eile a scríobhaim é seo, nach díreach oíche eile a shuíonn go trom lastuas dínn uile. Siúil isteach ann, is sú isteach é, lig dó tuairteáil isteach trí hallaí do chuid lámh, ar nós na milliún bliain de na milliúin filí, ag cúrsaíl 'nós fola, 'pumpáil is ag cáibleáil, ag múnlú na beatha duit, ar chroith díot an deannaigh duit.

Mar sin nuair a bhuaileann an chruinne cnag ar do dhoras tosaigh, beir greim dhaingean ar an mbascrann agus oscail leat, ag rith amach ina lámha leathana fáilteacha sínte le do chuid lámh os do chomhair amach, barra do chuid méar ar crith, chuile sheans.

Thursday, 3 September 2015

An ndéanfaidh tú tinder liom?

An ndéanfaidh tú tinder liom?

Déanfaidh agus fáilte

Cailíní ar thaobh amháin den idirlíon agus na buachaillí ar an taobh eile

Sleaschéim trasna cúig, sé, seacht, aon, dó, trí, dó, dó, trí

Ar ais arís, ceathar, cúig, sé, seacht, a haon, dó, trí, a dó, dó, trí (as deich)

dearbhú agus diúltiú

luascadh luascadh timpeall an tí seachain na boird ná titigí
luascadh luascadh timpeall an ar ais abhaile a haon dó trí.

An ndéanfaidh tú tinder liom?

Déanfaidh agus fáilte.

Friday, 21 August 2015

Ar luas an Luas?

Ar luas an luas?
Luas an luas i do chluais
cloisir an luas id chluais go luath

ding ding

ding corcairscoilt bhleá cliath

Téann an luas ó dheas is thuas
an líne ghlas a deir gabh
an ceann ó dheas gan aon stró
ach stad roimh rua
tá bagairt ann a deir an slua

Eachtrannaigh, Éireannaigh, eachtráin, aeraigh
Scabhtaeirí, scéiméirí, amuigh ar an téirigh...
Oibrithe, iarOibrithe, ganOibrithe, inOíbrithe

Déagóirí leathólta ag leathithe a chéile
leathbhealach idir grá agus gá
an chéad stad eile Coill na Feá
seachain na glócoats
is cum seoladh bréige
123 An Bóthar Tréigthe
is fill abhaile luath

Ar luas an luas?
Luas an Luas
Ach níor luas luas an Luais i do chluais is gluaiseann
luas an Luais id chluais go luath

éist

ding ding