Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Sunday, 28 December 2014

Interference - Gold aistrithe go Gaeilge

Ór
 Agus is grá liom í
ní mhalartóinn í ar ór
táim a’ siúl ar ghaetha gealaí
rugadh mé le geal-spúnóigín
is mé féin a bheidh ann, is beidh mé saor ann
táim a’ siúl ar gaetha gealaí

is féachaint ‘mach thar farraigí

is má dhúntar doras
tógtar bóthar abhaile dúinn
agus tóg na cuirtíní síos
do sholas atá mar ór


agus caithfidh gur tú, tú
is déan mar dhéanann tú
‘tú siúl ar ghaetha gealaí
is féachaint ‘mach thar farraigí
dá mba chré do chneas
An fada, meas tú, roimh thosú ag tochailt

agus dá mba ór do shaol
an fada, meas tú, go mbeifeá ag streachailt

agus is grá liom í
ní mhalartóinn í ar ór

And I love her so
I wouldn't trade her for gold
I'm walking on moonbeams
I was born with a silver spoon

Hell, I'm gone on be me
I'm gonna be free
I'm walking on moonbeams
And staring out to sea

And if a door be closed
Then a row of homes start building
And tear your curtains down
For sunlight is like gold

Hey, you better be you
And do what you can do
When you're walking on moonbeams
And staring out to sea

'Cause if your skin was soil
How long do you think before they'd start digging?
And if your life was gold
How long do you think you'd stay living?
Hey, hey

And I love her so
I wouldn't trade her for gold

Cuid de scéal Midas aistrithe go Gaeilge




Eisean, le scannal an ghnímh,
Filleann turban timpeall a chinn,
Ceileann ón bpobal mór, is eagal leis
A chluasa ollmhóra, an domhan mór d’fheiscin’

Ba eol do bharbóirsclábha, gruaig a mháistir a ghearradh
Sé, an rún mór féin, nuair a chuaigh an ghruaig i bhfaide
Agus, cé go mífhoighneach, ní scaoileadh é


Ar deireadh san áit phríobháideach
Poll do thocail, is dúirt leis an talamh é
De chogar beag, do sceith an scéal
Is chlúdaigh le hithir, faoi thost d’fhag ann é.

Théis tamaill, ó fhialí beaga tagann Fómhar deas,
Ó chlais an rúin, a d’ardaigh suas,
A ardaíonn le caitheamh na bliana aibí
Is tagann bainteoir, is a chúram gan torthaí
Mar ansin, is na lanna is an ghaoth shioscarnach
A chuirfidh le chéile leis an mór-rún a chur amach

He, to conceal the scandal of the deed, 
A purple turban folds about his head, 
Veils the reproach from public view, and fears 
The laughing world would spy his monstrous ears. 
One trusty barber-slave, that used to dress 
His master's hair, when lengthen'd to excess, 
The mighty secret knew, but knew alone, 
And, though impatient, durst not make it known. 

Restless, at last a private place be found, 
Then dug a hole, and told it to the ground; 
In a low whisper he reveal'd the case, 
And cover'd in the earth, and silent left the place, 

In time, of trembling reeds a plenteous crop 
From the confided furrow sprouted up, 
Which, high advancing with the ripening year, 
Made known the tiller, and his fruitless care; 
For then the rustling blades and whispering wind 
To tell the important secret both combined

Píosaí Gan Chéill

Pas ag fanacht ar phas

Ta díreach faoi cheann 50,000 pas gan phróiseáil anois, dhearbhaigh An Roinn Gnóthaí Eachtracha inniu.

Ach tá na scuainí fada agus moill fhada a bhí ann le cúpla lá anois tas éis maolú roinnt mhaith.
Bhí ceithre lá caite ag duine amháin sa scuaine,
Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Micheál Máirtín go raibh beartaithe ag Aontas na Seirbhísí Poiblí agus Sibhilata díriú isteach ar Oifig na bPAsanna mar larchuid dá bhfeachtas in aghaidh na gciorruithe pá.
Rinne an t-Aire cáineadh ar an Aontas as Páras aréir ag ra go mbfhéidir go mbainfí pá ó na daoine a ta ag moilleadóireacht mura mbíonn críoch leis an bhfeachtas.

Scannal Easpag


Ta n t-easapag an Dochtúi John Magee as Cluain Chorcaigh tar éis éirí as inné, tar éis gearáin gur coimnnigh sé eolas ó oifigigh a bhí ag fiosrú líomhaintí faoi spídiúlacht ar pháistí. Ta na gardaí tar éis a bheith ag caint leis le tamalll anuas. Chuir na gardaí an fiosrúchán sa siúl tar éis do iarmhúinteoir scoile as tuaisceart chorcaí gearán oifigiúil a dhéanamh ag rá gur chreid sé gur chuir an t-easpag Magee páistí i mbaol nuair nár chuir sé eolas i dtaobh sagairt áirithe sa deóise chun cinn. 
Chomh maith ta easpag phort láirge William Lee tar éis a ra gur láimseáil sé líomhaintí faoi spídiúlacht pháistí i ndrochbhealach nuair a cuireadh míúsáid i leith sagairt.
Cuireadh i leith an Easapig magee gur choinnigh se cúl ar an eolas in dhá bhealach , ar dtús nach luafadh sé ainm an tsagairt sa bhliain 2005 agus sa tslí inar tugadh comhaid gan chomhlánú do na gardaí i ndeireadh na bliana céanna.
Tá ceist amháin ar tugadh cluas bhodhar dó le tamall anois, sin ceist an airgid agus cé ata le híoc as seo ar fad. Tharla gur thug an stát conradh slánaíochta don eaglais agus faoin gconradh sin ní bheadh ar an eagalis ach thart ar 10 den 1 éigin billiún abhí tuartha ag an am. Ach is cinnte go bhfuil méádaú tagtha air seo, agus anois ó go bhfuil sé soileir go raibh lochtanna ar shagairt agus ar easpaig féin, cuideanna den chóras iomlán is dócha go bhféadfaí a rá. 

Sláinte sna Stáit
Tá Alabama, Colorado, Idaho, Louisiana, Michigan, Nebraska, Pennsylvania, South Carolina, South Dakota, Texas, Utah agua Washington ag cur i gcoinne bille na sláinte

Fine Gall Hayes agus an Ghaeilge

(foilsíodh an t-alt seo sa bhliain 2010 sa College Tribune COBÁC i gcéaduair)
Tá Fine Gael tar éis fogha a thabhairt faoi theanga na Gaeilge. D’fhógair Brian Hayes go gcreideann a pháirtí go mba chóir go mbeadh an Ghaeilge roghnach tar éis an Teastais Shóisearaigh.  Is de bharr fianaise a thugann le fios go ndéanann 1,326 den 2,297 duine a fhaigheann díolúine ón Gaeilge staidéar ar theanga éigin eile a tháinig seo chun cinn, agus polasaí atá ag an bpáirtí le tamall maith de bhlianta anois.
Is aisteach an cur chuige seo áfach agus ní gá é a chíoradh go rómhion le tuiscint go bhfuil loighic na tuairimíochta seo gan bhunús ar fad. Is é ata á rá acu ná de bharr go bhfuil teipthe ar mhúineadh na Gaeilge, dar leo, agus go bhfuil roinnt daoine ag éalú ó fhoghlaim an ábhair, ba chóir an t-ábhar a dhéanamh roghnach. Ach nach gciallódh sin go ndéanfadh dream níos lú staidéar uirthi? a deir Séamas Saoránach. Bhuel de réir an taighde idirnáisiúnta, an t-aon toradh a bheadh air ná go mbeadh titim shuntasach i líon na ndaoine a bheadh ag foghlaim na teanga. Ainneoin seo tá Fine Gael diongbháilte air.
Léirítear baol an bheartais atá pleanáilte go follasach sna tíortha a ghlac an cinneadh seo cheana. I Sasana bhíodh 88% den daonra scoile ag déanamh staidéir ar theanga éigin sa bhliain 2001 ach sa bhliain 2004 tugadh rogha do na scoláirí. Faoi 2008 ba léir torthaí an chinnidh úd, gan aon teanga idir lámha ag 56% de na scoláirí.
Más rud é go bhfuil Fine Gael go mór i gcoinne na teanga cén fáth nach bhfuil siad sásta é seo a rá go neamhbhalbh? Seans maith go bhfuil siad ina coinne agus go gceapann siad go dtuillfidh a leithéid seo de bheart vótaí dóibh ón lucht frithGhaeilge. Áfach ní dócha gur dream iontach mór é seo a vótálfadh ar an mbonn sin amháin agus is cinnte go bhfuil dream éigin, chomh mór céanna is dócha, a chuirfidh i gcoinne Fhine Gael ar an mbonn céanna.
Tá an baol ann go mbeidh Fine Gael i gcumhacht agus go dtacóidh Páirtí an Lucht Oibre leo faoi bhrú. Ach an rud is baolaí ar fad ná go dtacódh Páirtí an Lucht Oibre leis an mbeartas ó bhun.
Deir Hayes, ar urlabhraí Fhine Gael i dtaobh chúrsaí oideachais agus eolaíochta é, go bhfuil thar am a aithint gur chóir go mbeadh an rogha ag duine ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh ó thaobh na Gaeilge. Ní luaitear aon cheo faoin mBéarla nó faoin Mata, ábhar eile a bhfuil ceisteanna ann ina thaobh toisc easpa suime nó caighdeáin a cuireadh ina leith ar na mallaibh. Rud eisceachtúil is ea an Ghaeilge áfach. Teanga í a bhfuil maitheas ann inti féin, beag beann ar chúinsí fostaíochta, ach aithnítear leis gur mó go mór an seans atá ag duine post a fháil má tá an Ghaeilge acu ná a mhalairt.
Ní fhéadfainn tír ar bith eile a mbeadh féinmheas is féinurraim acu ag dul ar an mbóthar seo. Má tá lochtanna ar mhúineadh na teanga ceartaigh iad, ach bímis cáiréiseach leo. Dealraíonn sé gur beartas frithGhaeilge é seo ó Fhine Gael nár caitheadh mórán ama á roghnú, gnáthnós imeachta an pháirtí i leith pholasaithe nua, cheapfá. Dúnghaois gan dealramh é dóibh siúd a thugann aird ar bhrí ár mBunreachta is polasaithe an stáit ó gur bunaíodh é.


Friday, 14 November 2014

Anfa na lann

Tá an héalacaptar dom chuardach san abhainn,
Anfa Thafann na lann
Spotsholas á spré suas síos
Feadh na habhann
Súile ag grinnscrúdú an fhothain
Gléshúile greamaithe ag gliúcaíocht
Tá an baile thíos
Shlog an abhainn mé mar a sholgann sí gach éinne
Shlog an baile mé mar a shogann gach éinne
An dream a d’fhág, d’fhág
Ach sinn a d’fhan
Bhíomar amuigh agus fuaraíodh sinn

Tá slua bailithe ag an gcrosaire
Tá fear ag leanúint an héalacaptair le teann spéise
Is deacair a dhéánamh I gcarr
Turas aistreánach
Tig leis an healacaptar taisteal mar dhéanfadh préachán
Line dhíreach gan lúb
Ach leanann lúbarnáíl dhubh na habhann
Ciúnas, fuaim uisce faoi uisce a bhogann

Dúisíonn an héalacaptar an baile meánaoiseach
11.45 iarrann beirt ar a chéile an mbaineann sé leis an otharlann
Chuaigh duine in abhainn, deirtear
Soilse suas síos an abhainn
Tugtar meall an héalacaptair sa spéir faoi deara
Ceann éigeandála ní foláir
Ní aimseofar i mo bheo mé
Mar táim marbh
Agus táim ag fanacht sna sceacha orthu

Easaontas

Tús ar alt nach raibh cuma ná caoi air, b'fhearr a chaitheamh ar an idirlíon in áit a chaitheamh amach.

Tá agallamh ag Ciarán Dunbar le Dr. Aidan Doyle,  a spreag 'díospóireacht ar na mallaibh mar gheall ar alt a scríobh sé san ‘Irish Times’ ag ceistiú cearta teanga agus stádas na Gaeilge i mBunreacht na hÉireann.' Deir sé ann 'tá mé in amhras nach é leas an linbh é bheith ag foghlaim i dteanga iasachta.'

Tá sé sin rísuimiúil mar tá léirithe arís is arís eile gur chun leasa an pháiste é ó thaobh cumas sa Mhata, sa Bhéarla agus sa Ghaeilge Béarlóirí ó dhuchas foghlaim trí Ghaeilge. Ó thaobh daoine atá dátheangach feictear rátaí níos ísle den néaltrú agus laghdú i gcailliunt urlabhra tar éis stróc. Seo gan trácht ar na buntaistí iomadúla cultúrtha agus eile a théann leis an dara teanga. Má tá se in amhras nach é leas an linbh é bheith ag foghlaim i dteanga iasachta tá a chuid amhrais ag teacht salach ar mholl mhór fianaise le blianta fada.

Do dhochtúir is suimiúil an chaoi a bhfuil sé sásta ráiteas a dhéanamh gan an oiread sin bunúis ann.  Is ríchosúil leis nach bhfuil aon chur amach aige ar nádúr na hagoidíochta. Is é sin go gcuirtear an. Ní gearleanúint atá ann ach
Maidir le ' níos deirge, níos feirge’. chuile sheans gur fágadh 'mó ar lár no is féidir gur ceapadh go raibh se ceart go leor go mbeadh sé neamhghramadúil ar nós 'The hostess with the mostess' sa Bhéarla a ritheann liom. Go rómhinic i saol na Gaeilge measann daoine gur ionann ceartú gramadaí agus baint den argóint, ní hea. Arís eile bíonn de nádúr lucht grianghrafadoireachta ag agóidí pcitiúr a chruthú, gach seans nár bhain an póstaer leis na mná sin, nó nár chum siad é.

 Ní fheicim gur bréag ‘í an Ghaeilge teanga náisiúnta na hÉireann’. Tig leis sin a bheith fíor beag beann ar chumas an phobail. Bréag ata ann go bhfuil Gaeilge ag 1.7milliún ag daoine áfach. Má tá orm aontú leis in aon áit áfach baineann se le staid na Gaeilge. Is dóigh liom go bhfuil an Ghaeilge ag dul ar gcúl, ach is deacair seoa  fheiceáil mar go bhfuil gach éinne sásta a bheith ag cumadh agus ag glacadh le bréaga éagsúla. Seans gur easaontóir mé féin mar sin

 Nuair a deirim seo le daoine luann siad cás x nó cás y gan móran de thacaíocht staidrimh leis. Tuigim gur deacair teacht ar staitiscí fírinneacha ach tuigeann éinne a rinne iarracht Gaeilge a úsaid mar ghnáththeanga sa tír seo nach bhfuil sí ag 1.7milliún duine. Caithfimidne, ar mór linn an Ghaeilge, bheith ag réiteach don saol iar-Ghaeltachta, ionaid, aiseanna agus argóintía r son na Gaeilge bheith réitithe againn da héagmais.

Is féidir an t-agallamh a léamh anseo http://www.meoneile.ie/ailt/easaontas-agus-an-ghaeilge#.U-DV0vldWSo




Monday, 6 October 2014

cúirt chluain sceach 2014 dán

Whereas,
Osclaigí an doras is fáilte romhaibh isteach
go 71 Páirc Gledswood croílár Chluain Sceach
Sa gháirdín ar chúl tá cónaí ar scata sionnach
Tigh ceolmhar, cairdiúil, ceanúil, is ar ndóigh Gaelach

Tá againn beirt Chormac, Iseult is Ní Mhuirí, 
Is menagerie ainmhithe ag siúl timpeall an tí
Trasna an bhóthair tá mosc do mhuslamaigh
Is trasna uaidh sin tá ollscoil UCD.

Mar sin oscalaím an Chúirt, téanam isteach
Fan soicindín go gcuirtear na luchóga amach
Geallaim daoibh oíche shuimiúil amach is amach
Sa tigh seo atá ceolmhar cairdiúil, is beagáinín salach