Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Tuesday, 22 April 2025

Ní Liomsa an Teach Álainn Seo - léirmheas drámaíochta

Fiosrú suimiúil ar cheisteanna féiniúlachta, idir inscne agus náisiúnacha. Ealaín phéintéireachta álainn in úsáid. Tosach agus eireaball i mBéarla ar chúis nár thuigeas ar fad.

Scéal grá leispiach iontach ina lár, a théann chun castachta nuair a thagann amhras féiniúlachta ar dhuine acu. Cabhraíonn an Donn Cuailgne léi/leo/leis teacht ar thuiscint níos fearr fúthu féin. Chuaigh an dráma i bhfeidhm orm. Dráma aonair a raibh beagán an iomad ama i gceist leis an athrú idir na carachtair, arbh fhearr beirt aisteoirí chun é sin a réiteach? Chabhraigh culaith an Doinn le cruthú an charachtair ach bhain a t-athrú an teannas den léiriú. Ba dheas Gaeilge Mhaigh Eo a chlos ann - canúint nach gcloistear go rómhinic san Ardchathair.

Ní Liomsa an Teach Álainn Seo - Smock Alley Theatre 1662

Ba dhána an carachtar an Donn Cuailgne agus uaidh siúd a tháinig cuid mhór den ghreann, agus den fhearúlacht nimhe roimh dheireadh. Uaireanta is féidir le sainchanúint ar charachtar faoi leith a bheith mar bhac tuisceana. B’fhearr an deireadh a choinneáil níos teinne agus níos giorra. Bhraith sé mar a bheadh críoch bhréagach nó dhó ann agus go raibh ar tháinig roimhe á athrá. Ar an iomlán d'oibrigh sé mar dhráma agus chuir mé ag smaoineamh go domhain faoi na ceisteanna lárnacha ann, go háirithe i bhfianaise a bhfuil ag tarlú do chearta daoine trasinsneacha ar fud an domhain faoi láthair. Croí mór maith ann, agus spléachadh tuisceanach ar cheisteanna cultúrtha agus féiniúlachta, shíleas. Iontach a leithéid a bheith á phlé sa Ghaeilge.

17 + 18 Aibreán | Scoil na mBuachaillí
Léiriú de chuid Cult Collective. Anna Ní Dhúill a scríobh agus a stiúraigh.
Seoirsín Bashford mar aisteoir ann.




Thursday, 17 April 2025

Leagan Gaeilge de Sympathy for the Devil, na Rolling Stones (Mícheál Ó Flaithearta a d'aistrigh)

 

Lus do Lucifer
 
ú-ú, ú-ú, ú-ú, ú-ú
Más ceadmhach dom mé a chur in aithne duit
Is fear mé le spreac is brí,
mé ann leis na mílte bliain,
Is iomaí athrú atá le mo linn,
Bhí mé ann nuair a shiúil Íosa Críost
ar uiscí na Gailílí
Nuair a nigh Píolóid a lámha,
Chuir sé casadh ina shaol.
Cén chaoi bhfuil tú, anois tomhais cé mé fhéin
Ach an cheist a fheicim i do shúile ná meastú cé hé féin
Bhí mé ansin i gCathair Pheadair,
Nuair a theastaigh athrú ré,
Scrios mé an Tsar agus a chuid ministéar
Agus ar ndóigh Anastasia í féin,
Bhí mé i dteainc,
I mo ghinearál airm,
nuair a bhí an Blitzkrieg i réim,
Lobh na coirp san áit ar thiteadar,
Agus bhí an boladh bréan.
Cén chaoi bhfuil tú, anois tomhais cé mé féin, ó dhé
Ach an cheist a fheicim i do shúile ná meastú cé hé féin, ó dhé
ú-ú, ú-ú, ú-ú, ú-ú
Dhearc mé le spraoi,
Mar a d'fhear bhur ríthe,
Cogadh céad bliain,
Scréach mé amach.
Cé a mharaigh na Kennedys,
Is cinnte gur sibhse is mé fhéin
(cé, cé, cé, cé)
Más ceadmhach dom mé a chur in aithne dhuit,
Is fear mé le spreac is tréith,
Chuir mé srian ar na trúbadóirí,
agus maraíodh iad sula raibh siad i mBombay
(cé, cé, cé, cé)
Tá cneamhaire ar 'chuile choirnéal,
Tá 'chuile scaibhtéara ina naomh,
Deirim leat gur mise Lucifer,
Tabhair dom urraim agus gnaoi
(cé, cé, cé, cé)
Má chastar ort ariamh mé,
'Spáin dom urraim agus cúirtéis,
Bí go lách is go cineálta,
Nó cuirfidh mé deireadh le do réim
ú-ú, ú-ú, ú-ú, ó dhé
Cén chaoi bhfuil tú....
ú-ú, ú-ú
ó dhé, ó dhé
ú-ú, ú-ú
Abair, cé mé fhéin
Abair, cé mé fhéin
ó, ó,
ú-ú, ú-ú
ú-ú, cé, cé, ó dhé
 
(Bunleagan: 'Sympathy for the Devil' leis na Rolling Stones (1968) (Jagger/Richards) 12/07/2020)

Wednesday, 16 April 2025

Na Draoithe "aistriúchán den scoth"

Léirmheas iontach faoi Na Draoithe a d'aistrigh mé le léamh ar Nós!

"aistriúchán den scoth ar an bhuntéacs déanta ag Eoin P. Ó Murchú"

"saibhreas na Gaeilge nochtaithe go nádúrtha don léitheoir idir na leathanaigh."
 

Níl amhras ar bith ann go n-éiríonn leis an fhoilseachán ina sprioc siamsaíocht agus taitneamh a thabhairt don lucht léite.
 
 
Is féidir an leabhar a cheannach anseo Ceannaigh an leabhar!