Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Monday 26 December 2016

Suas leat ar do rothar!

(foilsíodh leagan den alt seo ar nós.ie cheana)

Ina gcaitheann Eoin P. Ó Murchú súil ar an rothar, agus ina roineann íomhá a dhéanann adhradh ar an modh taistil b’fhearr le timirí Chonradh na Gaeilge, Mícheál Ó Coileáin, agus Lance Armstrong féin.

Agus bagairtí aisteacha ann do thimpeallacht an domhain cén rud ab fhearr ná léimt ar do rothar arís! Tá sé saor go maith, déanfaidh sé aclaí thú agus cuirfidh tú aithne níos fearr ar an gceantar timpeall ort.Tá roinnt rudaí iontacha ar bun i saol na rothaíochta le tamall anuas. Meastar gur tharla an agóid is mó ar son na rothaíochta i mBaile Átha Cliath le déanaí. Bhailigh slua taobh amuigh den Roinn Iompair i mBÁC agus iad ag lorg bonneagar níos fearr do rothaithe. Feachtas Rothaíochta BHÁC agus cyclist.ie a d’eagraigh an agóid de bharr nach bhfuil cúinsí do rothaithe tar éis feabhsú mórán le fada. Luadh go sonrach ann gur chóir go gcaithfí 10% den bhuiséad iompair ar mhodhanna ar nós na rothaíochta.

Anuas air sin, fógraíodh le roinnt laethanta anuas gur bhuaigh dearadh do chlogad rothaíochta duais mhór James Dyson.Clogad infhillte inathchursáilte atá i gceist agus ní chosnódh sé €5 fiú. Isis Shiffer(trua faoina hainm) ó Institiúid Deartha Pratt i Nua-Eabhrac a chum. Tá an clogad an-éadrom toisc go bhfuil an dearadh bunaithe ar chíor mheala nó honeycomb. Dar le tástálacha tá sé chomh héifeachtach céanna leis na clogaid thraidisiúnta. D’oirfeadh a leithéid do na scéimeanna rothar uirbeacha atá i roinnt dár mórchathracha timpeall na tíre faoi láthair.

Le ceiliúradh a dhéanamh air seo agus spreagadh a thabhairt do lucht na gcapall iarainn beartaíodh roinnt íomhánna a chruthú a dhéanfadh ceiliúradh ar an rothar agus a mbaineann leis. Ráitis scríbhneoirí na Gaeilge agus scríbhneoirí an domhain ina dtaobh, seanfhocail, chomh maith le ráitis spreagúla. D’fhéachamar ar leaganacha éagsúla den teárma don rothar sa Ghaeilge chomh maith. Déan iad seo a chló nó a roinnt, greamán a dhéanamh astu agus spreagfaimis a chéile chun rothaíochta! Fáilte romhaibh iad a scaipeadh pé bealach gur mian libh. Léimígí in airde ar na rothair mar sin agus bígí le feiceáil le soilse, clogad orainn agus muid ag pumpáil na dtroitheán go tréan!

(Agus cuimhnigh níl aon ghá EPO a úsáid agus tú ag rothaíocht ar obair.)

.




15 rud nach raibh ar eolas agat faoi chanúintí na Gaeilge!

(foilsíodh leagan den alt seo ar nós.ie cheana)
Is breá le daoine na difríochtaí idir canúintí na Gaeilge a aithint agus a phlé ach conas mar a roghnaíodh na teorainneacha le canúintí na teanga, agus cá háit a stopann canúint amháin is a dtosaíonn ceann eile?
Tá coincheap chanúintí na Gaeilge fite fuaite le teorainneacha tíreolaíocha na tíre. Bhí agus tá stráicí móra in Uladh, i gCúige Mumhan agus i gConnacht a bhfuil an Ghaeilge á labhairt iontu agus leagadh na hainmneacha sin anuas ar na canúintí.
Léiríonn an léarscáil seo taobh eile den scéal. Is éard atá breactha uirthi ná 'iseaghluaiseanna' nó 'teoirlínte' de roinnt de na difríochtaí is tábhachtaí idir na canúintí. Is éard is 'iseaghluais' ann ná líne a mharcálann an teorainn a bhfuil difear i dtréith teanga le brath ar dá thaobh. Mar shampla líne 2, an líne chorcra, taispeánann sí an áit a n-úsáidtear an focal 'cha' in áit 'ní' go traidisiúnta, bhíodh 'cha' in úsáid sa taobh ó thuaidh den líne, ar ndóigh. An chéad sampla baineann sé leis an limistéar ó thuaidh den líne an dara ceann leis an gcuid ó dheas.
Nuair a thagann grúpa de na línte seo le chéile tugtar 'crios iseaghluaiseanna' air. Feictear go bhfuil crios mar sin idir Ulaidh agus Connachta ar an léarscáil, rud a léiríonn go bhfuil an teorainn theangeolaíoch ag teacht, cuid mhór, le teorainn an chúige.
Tá an rud céanna fíor faoin ngrúpa sin de línte os cionn Chontae an Chláir agus féach líne 10, an áit a mbíodh an difear idir na deirí san fhocal 'rugadh' (was born) 'rugú' ó thuaidh den líne agus 'rugag' ó dheas. Tarlaíonn an t-athrú céanna le focail den sórt céanna go minic. Bíonn difríochtaí comhréire nó ord na bhfocal ann chomh maith agus leiríonn go bhfuil difríocht ag teacht ar an teanga de réir mar a bhogann tú ó áit go háit.
Léiríonn 5 an áit a n-athraíonn 'ar an chlaí' go 'ar an gclaí' ó dheas. Is féidir difear ó thaobh béime a fheiceáil chomh maith in uimhir 9 áit a bhfuil an bhéim ar an '-ín' san fhocal cailín.
Tá an léarscáil seo bunaithe ar obair a rinne teangeolaithe éagsúla i lár an chéid seo caite den chuid is mó. Tá eolas ann as roinnt áiteanna nach raibh taifead fiú ar an nGaeilge a bhíodh á labhairt iontu. Bhíothas in ann a dhéanamh amach ó na logainmneacha a fágadh cén cruth a bhíodh ar an nGaeilge in áit faoi leith. Sa tslí seo is féidir línte áirithe a leanúint chomh fada soir le BÁC. Ar an iomlán cabhraíonn a leithéid seo linn tuiscint a fháil ar chanúintí agus mar a n-athraíonn siad ó áit go háit, nach spéisiúil é!
  1. 'ao' in 'taobh' fuaimnithe cosúil le 'ú' ó thuaidh.
  2. 'cha' in áit 'ní'.
  3. Guta gearr anseo.
  4. An leagan seo ag na hUltaigh, anuas ar 'Cé leis a raibh tú ag caint?'
  5. Séimhiú in áit urú.
  6. Guta fada /o:/ in ionad défhoghair /au/ mar 'leabhar' mar 'leór'.
  7. Ó thuaidh 'am', 'ball', ach mar 'ám', 'báll' i nGaillimh.
  8. Ó thuaidh ainmfhocal 'moladh' mar 'molú', 'mola' ó dheas.
  9. Béim ar thosach an fhocail 'cailín', béim ar an dara siolla ó dheas.
  10. Rugadh - 'rugú',ó thuaidh, 'rugag' ó dheas.
  11. 'ao' i 'caoch' mar 'í' ó thuadh, mar 'é' ó dheas.
  12. D'imigh an 'mh' as 'cuimhin' ó dheas, 'is cuín liom'.
  13. Comhréir éagsúil anseo.
  14. Béim ar an '-ach' i bhfocail ó dheas.
  15. An guta in 'poill' mar 'í' ó dheas, défhoghar(dhá ghuta a fhuaimnítear mar shiolla amháin) suas go Gaillimh.
(Tá simpliú mór déanta ar an scéal i roinnt cásanna anseo. Má tá eolas eile uait féach Atlas Teangeolaíochta Wagner.)