Sunday, 28 December 2014

Seangán

déanann seangán a bhealach timpeall urlár na leithrise
fó dheis, fó chlé, danse macabre ar tíleanna fichille
tíleanna gorma rua, tíleanna crón.
San áit a scaoiltear síol
a gcactar cac
a sceithtear fuil mhíosta na míosa
a mbíonn ár mún againn ann.
ní aithníonn a fhearsaidí fada feasa
aon difríocht idir seo
eitrí breaca idirthíleanna
le páipeár tónach dá dtrasnú
agud dúfair dhubhghlas
a mbeadh sé ina fhlaith ann. 

No comments:

Post a Comment