Thursday, 17 April 2014

Bhúir an Gleann

Bhúir an Gleann

sciob an sionnach sicín ó fhear na hUcráine
Lean m'athair thar na goirt é
gur leag sé,
an sionnach,
uaidh
marbh,
an sicín.

Bhúir an gleann
lasc an ghaoth
is las an ghrian leathdhulta faoi
aiteann buí
is glasfhéar
is chas an domhan pas níos moille

sciob an sionnach sicín ó fhear na húcráine
sa ghort
ón áit a bhfuil tollán glasraí tochailte isteach sa talamh aige,
garraí beag, sconsaí is geataí aige do na héanlaithe, doras bán plaisteach go foirfe ann, carn eibhir, balla aonair le méadar leictreachais agus píopaí uisce uaidh, mionmhuileann gaoithe
gach rud faoi réir agus faoi ainriail araon

sciob an sionnach sicín ó fhear na hUcráine
anois tá gaiste miotail béaloscailte aige ag alpadh i dtreo an aitinn
cual cleití coiligh istigh, luascann

tá fear na hÚcráine ag caoineadh a shicín
búireann an gleann glaslasta gaothlasctha gur ann dó fos.

is ann dó.